Skip to content

Maidir le TII

Tá Bonneagar Iompair Éireann (TII) freagrach as gréasáin bóithre náisiúnta agus iarnróid éadroim na tíre a bhainistiú agus a fheabhsú. Le haghaidh breis eolais ar TII, téigh go suíomh gréasáin TII ag www.tii.ie.

Fáilte go Foilseacháin TII

Coimeádann TII cnuasach ar líne d’fhoilseacháin theicniúla, a ndéantar iad a bhainistiú trí shuíomh gréasáin Foilseacháin TII.

Déantar Foilseacháin TII a chatagóiriú mar Caighdeáin nó Teicniúil. Tagraítear do dhoiciméid atá le cur i bhfeidhm ar scéimeanna Bóithre Náisiúnta mar Foilseacháin TII (Caighdeáin). Tagraítear do dhoiciméid eile laistigh den chóras mar Foilseacháin TII (Teicniúil).

Saintréithe Doicméid

Sanntar saintréithe ar dhoiciméid laistigh de Foilseacháin TII le go mbeifear in ann doiciméid a chuardach go héasca ar an suíomh gréasáin. Tugtar na saintréithe seo ar chlúdach istigh gach doiciméid reatha, mar thagairt.  

Tagairtí Staire

Chun leanúnachas a choimeád idir Foilseacháin TII agus seanchóras Caighdeáin NRA, déantar ‘tagairt staire’ a shannadh ar dhoiciméid atá ann cheana laistigh de NRA DMRB agus MCDRW ionas gur féidir doiciméid agus líníochtaí a chuardach le seanainmneacha na ndoiciméad.

Glacann Uimhir Foilseacháin TII ionad na tagartha staire do dhoiciméid dá leithéid anois. Tá ionad na dtagairtí staire laistigh de na doiciméid glactha anois ag Uimhir Foilseacháin TII.

Chun críche doiciméid a aistriú go Foilseacháin TII, tugadh clúdach tosaigh agus cúil TII do gach doiciméad. Laistigh de na clúdaigh TII, tá ábhair na ndoiciméad mar a bhíodar sa seanchóras NRA DMRB agus NRA MCDRW.

Eolas Breise

Le haghaidh eolas breise ar Fhoilseacháin TII, féach na doiciméid seo a leanas:

Réamheolas ar Chóras Fhoilseacháin TII, GE-INT-01029

Doiciméid Fhoilseacháin TII (Caighdeáin) a chur i bhfeidhm agus a úsáid, GE-POL-01030