Féachaint chun cinn
Déanann TII athbhreithniú, nuashonrú agus forbairt leanúnach ar na doiciméid i bhFoilseacháin TII. Is iad seo a leanas na príomhábhair forbartha d’Fhoilseacháin TII:
• Inbhuanaitheacht
• Forbairtí ar chaighdeáin idirnáisiúnta
• Forbairtí teicniúla (ábhair, táirgí, córais)
• Aiseolas ó thionscadail bóithre náisiúnta
• Conclúidí tionscadal taighde
• Forbairtí ar pholasaithe TII
• Comhlíonadh rialacháin AE
• Ionadaíocht ó thionscail
Ar an liosta sa doiciméid ‘Féachaint chun cinn’, dá bhfuil nasc thíos, tugtar achoimre ar obair athbhreithnithe atá ar siúl faoi láthair a mbeidh nuashonraithe ag éirí aisti.
NÓTA: D’FHÉADFAÍ AN LIOSTA SEO A ATHRÚ GAN AON FHÓGRA A THABHAIRT
Ba cheart d’úsáideoirí teagmháil a dhéanamh le infoPUBS@tii.ie le haghaidh breis eolais, go háirithe i gcás ina bhfuil dáta Tairisceana nó Conartha ag teannadh ar úsáideoir, nó foilseachán iarratais ar Thoiliú Reachtúil.